Fáilte go Freedom Surf School & Adventure.

Lonnaithe trí chéad slat ó Thearmann Dúlra na Trá

Mothaigh an spraoi cois farraige le Billy Butler is a fhoireann lán-oilte i dteagasc spórt na mara!

 Lena theagascóirí maraon le trealamh mara  den chéad scoth, tá taithí ag Billy le breis is deich mbliana anuas i reachtáil spórt mara  i dTrá Mhór .Tá imeachtaí éagsúla Scoil Saoirse na Mara deartha le haird fé leith tugtha ar an dteagasc tré ghníomh agus an méid suilt is mó a bhaint as.Gealltar eachtraíocht den scoth a mhairfidh sa chuimhne.

blokart-large-group1nordic-walking-stella-girls-tramoredsc_66551liam-surf-pic2

  Scoileanna agus Coláistí :  Turasanna Scoileanna Náisiúnta, Clár na hIdirbhliana, Cúrsaí Cónaitheacha

 Cláracha Teangan:   Déan cúrsa tré mheán na Gaeilge, Fraincíse nó Spáinnise linn.

 Cúrsaí Samhraidh:   Star Scene, Youth Zone agus Teen Extreme

 An Pobal agus an Lucht Gnó:   Eachtraí éagsúla

 Spraoi don Teaghlach:   Cúrsaí deartha don chlann go léir

 Cóisirí Breithlae:   Fág an t-eagrú siamsa fúinn..seachas an cáca!

Cláracha do dhaoine fásta:   Seisiúin lae agus leath lae ar fáil.

An cúrsa inseirbhíse is fearr le fada an lá”  – Seán, Waterford College of Further Education

“Bhí an t-uafás spraoi againn, déanta na fírinne, ní fhéadaim an fhoireann ann a mholadh go leor”  - Mary, Roinn Tráchtála, Musgrave Group.

“Bhíomar ana thógtha leis na gníomhaíochtaí éagsúla, an fhoireann cháirdiúil is gan dabht an Ghaelinn.” – Maebh, Coláiste an Phiarsaigh

  Gníomhaíochtaí

Áiseanna

  • Citheanna te
  • Seomraí feistis baineanna agus fireanna
  • Seomra léachta
  • Ionad suite

 Freedom Surf School

  • Foghlaim le scoil thonnmharcaíochta cháiliúil!
  • Teagascóirí den scoth a bhfuil sean-taithí acu
  • Béim ar fhoghlaim trí spórt agus sult
  • An trá is sláine sa tír ó thaobh cúrsaí tonnmharcaíochta de
  • Ceachtanna in uisce atá ar airde na coime
  • Ceachtanna le haghaidh daoine ar gach caighdeán
  • Tosaitheoirí, idirmheánach, ardleibhéal
  • Cultacha fliucha nua den chéad scoth do gach toise
  • Le formheas an Irish Surfing Association  

 Luamhaireacht ar thalamh/ Blokarting

  • An t-aon scoil Blokarting oifigiúil in Éirinn
  • Foghlaim ag úsáid teicnící na seoltóireachta
  • Bain sult as trá Thrá Mhór a sheoladh
  • Teagascóirí láncháilithe
  • Soláthraítear gach trealamh dá bhfuil riachtanach

Ceannasaíocht/ Neartú Foirniúlachta

  • Méadú muiníne
  • Féin-aitheantas feabhsaithe
  • Scileanna ceannasaíochta a fheabhsú
  • Teagascóirí oilte ar chúrsaí ceannasaíochta

 An Siúl Lochlannach

  • An gym allamuigh! Siúl friotaíochta le maidí
  • Dreas traenála ag aclaíocht 90% na matán
  • Teagascóirí láncháilithe
  • Gach trealamh san áireamh

 Dúshláin Foirne

  • Dúshláin spraoi agus fisiciúla
  • Réiteach fadhbanna
  • Scileanna cumarsáide agus éisteachta
  • Ealaín trá
  • Taitneamhacht ráithithe!

  An Tonnmharcaíocht Choirp

  • Treabh na tonnta ar thonnchlár coirp
  • Teagasc ar mhuir is ar tír
  • Teagascóirí láncháilithe
  • Gach trealamh san áireamh

Clár Dúlra

  • Siúlóid go dtí na dumhcha, An Sáilín agus an cúltrá
  • Fánaíochtaí éiceolaíocha
  • Taiscéal na locháin charraige lena n-orgánachtaí farraige
  • Faire na Míolta Móra agus Deilfeanna, i bpáirt leis an Irish Whale and Dolphin Group

 Trealamh ar cíos

  • Tá raon leathan surf boards den scoth, cultacha fliucha teo atá oiriúnach don gheimhreadh, buataisí mara agus oiriúintí dá leithéid.
  • Citheanna teo agus seomraí feistis baineanna agus fireanna ar fáil
  • Garda Tarrthála ar fáil más maith

 Cúrsaí le haghaidh Teastas Oifigiúil

  • Cúrsa traenála tarrthála
  • Gradam Surf Skills leis an Irish Surfing Association

  Cóiríocht/ lóistín

 Is féidir suas le céad duine a chóiriú i lóistín idir arasáin stiúideo, brú agus B&Bs atá go léir lonnaithe i suíomh amháin siúl chúig nóimead ó Scoil Saoirse na Mara.

blokartingboy surfingsummer camps

 Seirbhís síbe

Tá seirbhís síbe ar fáil againn do ghrúpaí beaga mórthimpeall na dúiche.

 Ag soláthar eachtraíocht áineasa allamuigh agus lóistín den scoth ar an dTrá is mó ar chósta ollásach an deiscirt.

 Le formheas agus taca ó

Foras na Gaeilge* The Irish Surfing Association * British Land & Speedsail Association *Bórd Fiontair Chontae Phort Láirge  * Irish Whale and Dolphin Group *Fáilte Ireland

Freedom Surf School & Adventure

The Beach House,The Gap Riverstown, Trá Mhór,Co. Phort Láirge

Glaoigh ar Billy Butler ar 051 386773  nó  086 391 4908.  

  R-phost adventure@freedomsurfschool.com         Tuilleadh eolais ó www.freedomsurfschool.com`

Le formheas agus taca ó: Foras na Gaeilge , Irish Surfing Association agus An Board Fiontair Chontae Phort Láirge.

© Freedom Adventure Ltd
More Freedom